Journalist - Seachtain
Teideal poist: Tuairisceoir Seachtain (páirtaimseartha)
Áit oibre: Cianobair, beidh gá le freastal ar chruinnithe go pearsanta ó am go chéile
Ag tuairisciú do: Eagarthóir Seachtain
Tréimhse an Chonartha: 12 mhí
Uaireanta Oibre: (22.5 uair an chloig/3 lá sa tseachtain)
Ról
Tá deis nua spleodrach againn d’iriseoir a oibreoidh ar shainailt fhada le haghaidh shuíomh gréasáin agus nuachtán Seachtain.
Tá Seachtain agus Mediahuis ag earcú iriseora chun taighde agus tuairisciú a dhéanamh ar cheisteanna tábhachtacha a bhaineann leis an nGaeilge agus an rialtas áitiúil go príomha.
Mairfidh an ról nua 12 mhí agus tá sé á mhaoiniú ag scéim iriseoireachta ó rialtóir neamhspleách na meán, Coimisiún na Meán. Is é seo an chéad uair do Choimisiún na Meán tacú go díreach le hiriseoireacht ar mhaithe le leas an phobail, agus tá Mediahuis na hÉireann ag súil go gcuirfidh an maoiniú ón Scéim Tuairiscithe Daonlathais Áitiúil lenár n-iriseoireacht neamhspleách nuachta agus cúrsaí reatha ar ardchaighdeán a mbíonn iontaoibh aisti.
Fostófar an t-iriseoir ar feadh trí lá sa tseachtain agus oibreoidh siad i dteannta fhoireann Seachtain a chabhróidh leis an té a cheapfar gach réimse den iriseoireacht a fhorbairt, an tábhacht a bhaineann le cruinneas agus cúrsaí dlíthiúla ina measc, chun a chinntiú go mbeidh na hailt oiriúnach lena bhfoilsiú ar ardáin dhigiteacha agus ar theidil chlóite náisiúnta agus réigiúnacha Mediahuis.
Is cuid thábhachtach de ghrúpa Mediahuis é Seachtain, mar fhorlíonadh seachtainiúil leis an Irish Independent agus ar líne, agus leathnaigh sé go podchraoltaí le deireanaí. Tá forbairtí eile beartaithe agus an chuideachta ag leanúint léi ag glacadh go fonnmhar le hiriseoireacht Ghaeilge.
Áireofar ar an obair taighde a dhéanamh ar phríomhthéamaí a bhaineann leis an rialtas áitiúil agus an Ghaeilge, agallaimh a chur ar dhaoine agus cumais iriseoireachta a fhorbairt. Beidh obair níos leithne ar nuachtán Seachtain i gceist freisin, idir chlóite, ar líne agus amharc faoi threoir eagarthóir Seachtain.
An Post i mBeagán Focal
Díreoidh do chuid oibre ar shraith d’ailt dhoimhne a scríobh ina scrúdófar an chaoi a dtéann an rialtas áitiúil i ngleic leis an nGaeilge, agus an chaoi a dtéann sé i bhfeidhm ar an teanga, i raon ceantar, ceantair Ghaeltachta go háirithe. I measc na n-ábhar sin beidh tithíocht, turasóireacht, imirce, cur chun cinn na teanga, an chaoi a dtacaíonn an rialtas áitiúil leis an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus ceisteanna tráthúla éagsúla eile. Beidh an t-inneachar ar fáil mar ábhar clóite, ar líne, ar fhíseáin agus ar phodchraoladh Seachtain. Nuair is cuí, bainfear úsáid as na hailt ar fhoilseacháin Bhéarla Mediahuis.
Tá muid ag iarraidh duine amháin a fhostú trí lá sa tseachtain ar feadh bliana, ag obair faoi stiúir iriseoirí sinsearacha.
Taithí & Cáilíochtaí (An Bhuntaithí a Theastaíonn & Eolas Riachtanach)
* Gaeilge líofa idir labhartha agus scríofa
* Tuiscint iontach ar cheisteanna Gaeilge agus an rialtas áitiúil
* Is buntáiste é taithí oibre ar iriseoireacht Ghaeilge
Scileanna (idir theicniúil agus neamhtheicniúil)
Teicniúil
* Teastaíonn sárscileanna cumarsáide
* Cumas scríbhneoireachta agus eagarthóireachta den scoth
* An cumas oibriú ar do chonlán féin
* Buneolas ar na meáin shóisialta
* Bheadh ??taithí ar phodchraoltaí ina bhuntáiste
Eile
* An cumas spriocdhátaí a chomhlíonadh agus tabhairt faoi thaighde neamhspleách
* An cumas cinntí a dhéanamh de réir beartas cuideachta ar do chonlán féin
* Eolas ginearálta leathan agus tuiscint ar chúrsaí Gaeilge
*Freagair na ceisteanna iarratais i nGaeilge le do thoil. Is fearr freisin CV as Gaeilge.